A mhaimí, nach tú an cladhaire

Is a mhaimí, nach tú an cladhaire nár dh’insigh dom dhaidí i dtráth
Go rabhasa breoite tinn agus mé millte le darta grá,
Go mbím san oíche ag taidhreamh gur im mhaighdean le fada atháim –
‘s mara bhfaighfear fear gan mhoill dom gur deimhneach go raghad ’om bá!”

A Neilí bíse foighneach ’s ní bhfaighidh tú aon fhear go fóill –
Thá an cíos ag glaoch gan mhoill orainn ’s gan poinn againn le cur ’na chomhair,
Thá broid agus ceant gach ló orainn – ár ngabháltachas ró-bheag go deo,
Agus t’atháir bocht drochshláinteach ’s an máistir ró-dhian go deo”.

A mhaimí bíse tuisceanach do dhuine bheadh i bpian mar atháim –
Thá plámás míle duine ionat is ní thuigeann tusa trian mo chás,
Dá gcuirfinn mo scéal i dtuiscint duit cárbh ionadh leat go raghainn ’om bhá?
’s mara bhfaighfear fear fé Inid dom bead curtha sul dá dtiocfa’ an Cháisc”.

Agus fain go bhfaighidh mé húda dhuit gúna agus parasól,
Handkerchief trí chúinne a mbeidh súile ann den bhfaisean nua,
Cuir búclaí id bhróga agus teannfaidh siad do chois i gcóir
Agus gheobhaidh tú buachaill ceansa gan amhras a chailín óig”.

Nach maith a fuaireabhar fear do Shíle a raibh caoire aige agus ba go leor,
Ní bhfaighinnse an gamhainín buí uaibh ’á laghad é ná lua’ na mbróg,
Thá an habit shirt gan ní le trí mhí agam de dheasca’ soap,
Is mar a mheasaim sin ní bhfaighidh mé uaibh saibhreas ná fear go deo”.

Clois Ó Cadhla, L. Amhráin ó Shliabh gCua, RTÉ; 2000.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design