Eolas

Fáilte go seannosbeo.ie, suíomh an togra amhránaíochta Dúthaigh Gheal Déise. Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an liosta ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Ba mhaith le coiste na scéime Dúthaigh Gheal Déise buíochas a ghabháil leis na daoine agus leis na heagraíochtaí seo a leanas:

Comhlacht Forbartha na nDéise; Ealaín na Gaeltachta; An Chomhairle Ealaíon; Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Phort Láirge; Údarás na Gaeltachta; Meitheal Forbartha na Gaeltachta; Coiste Forbartha an tSean Phobail; Comhairle Pobail na Rinne; Anne-Marie de Burca, Cabríní de Barra agus Lorcán Ó Muirí; Áine Uí Cheallaigh, Proinsias Ó Drisceoil, Tony Patterson, Michéal Ó Diarmada agus an comhluadar ar fad ag Sean-Nós Beo; Niall Corby (webmaster) agus Doireann de Faoite; Fionn Mac Giolla Chuda, Seamus Ó hAodha agus an comhlacht teilifíse Nemeton Teo.; Doon Productions; na heagarthóirí, An Linn Bhuí; Seán Ua Súilleabháin;Cló Iar-Chonnachta; Gael Linn.

Gabhaimid buíochas speisialta, dar ndóigh, leis na hamhránaithe ar fad a thug go fial a bhfuil áirithe d’amhráin anseo. Is iad san:

Seamus Ó Cionnfhaolaidh; Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha; Déuglán de Paor; Eibhlís Bean de Paor; Seamus Ó Cobhthaigh; Áine Uí Fhoghlú; Muiris Ó Criostóir.

Cuimhnímid go háirithe orthu san a bhfuil amhráin dá gcuid sa chnuasach seo ach ná fuil in ár measc a thuilleadh: Dómhnall Ó Cionnfhaolaidh; Tadhg Cundún agus Nioclás Tóibín. Is binn an comhluadar sna Flaithis é. Ar dheis Dé go rabhadar.

Ciarán Ó Gealbháin (IRCHSS), Samhain 2008.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design