An Ceannaí Bán

Céad slán chughat a Éire, gídh gur léan liom tú d’fhágaint,
Mar is fada óna chéile tá an ghaoth so inár dtiomáint;
Ar bharr na dtonn dtréan ar thaobh loinge luascán
Is sinne go dubhach déarach ag dul ’féachaint an Oileáin.

Is a Dháth Paor na n-árann mo chás thú is mo mhairg,
Ag dul ar bord árthaigh in áird’ ar do leaba;
Níl an t-uisce go sámh ann, ná fáil ar dheoch leanna;
Is mara bhfóiridh Rí na nGrást orainn beidh an bás linn ag tarraingt.

Teacht aniar de Chionn tSáile bhí an t-árthach ag cnagadh;
Do dh’éirigh an máta chomh hard leis an topsail;
Do liúigh sé is do bhéic sé agus ghlaoigh ar na fearaibh
Dá bhfógairt suas báite is dá bhfágaint sa chaise.

An té chífeadh an scúnar is í túrnáil isteach –
A barra slait ag lúbadh le gaoth anoir aneas,
Farraigí ina gcubhair gheal á múchadh gach seach
Is fearaibh bhochta go tuirseach gan tine gan teas.

Chailleamar ár maistir, mo ghraidhin é go dóite –
D’fhág sé le meidhir againn a bheith ag rince ar a phósadh;
Chailleamar ár mbowsprit agus an round-topsail a bhí díreach,
Ach d’imeodh an crann uainn meireach feabhas neart na ndaoine.

Maidin Dhomhnach Cásca is mé go tréith ar mo leaba
Is ná feadar mé dé’n t-áras a raibh an t-árthach ag tarraingt;
Bhí an ghaoth anoir aduaidh láidir is gan fáil ar a mhalairt
Is sinn ag tarraingt ar an tír a dtéann na mílte ná casann.

Feic de Noraidh, L. Ceol ón Mumhain, Baile Átha Cliath; 1965 agus Ó hÓgáin, D.(Eag.) Binneas Thar Meon, Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath; 1994.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design