Tá siad á rá go bhfuil áil na mban deas orm féin,
Is dar ndóigh má tá ag ’n grá níor mhiste liom é,
Mar do thugas naoi lá, naoi dtráth agus aon tseachtain déag
Ag’e tóin tí mo ghrá ag baint áirní de bharraí na gcraobh.
Is dé chiall ná téann tú in áit éigin, go Sasana Nua,
Nó oileainín éigin ‘na ligfinn-se seal ar do ghlúin,
Mar go neosfainn-se scéal dhuit dá mb’fhéidir go ndéanfá rún,
Go bhfuil mo ghrá bán im shéanadh, a Dhé ‘geal is a Mhuire nach trua.
Is ná gheibheadsa bás chóice go ligfidh mé díom an mí-ádh,
Go mbeidh ba agam is caoire is cead síneadh go socair lem ghrá,
Ó’ra troscadh na hAoine an lae shaoire ní chuirfinn i bhfáth’,
Is níorbh fhad’ liom lá is oíche bheinn sínte is í idir mo dhá láimh.
Chonaicíos aréir í is í ina héadach geal siopa i bhfad uaim.
Ba chosúil ‘na gné í le héinín a b’ainm an chuach.
Níl aon gheallúint a b’fhéidir aniar ós na Flaithis anuas
Ach gur thug sí dom óna béal, is ‘na dhiadh sin d’éalaigh sí uaim.
Tá mo gháirdín ‘na fhásach ag’n grá nó an miste leat é ?
Na torthaí úd ag fás chomh hárd le duilliúir na gcraobh.
Ní airím ceol cláirseach sa tsráid so nó ceiliúr binn na n-éan
Ach gur d’éalaigh mo ghrá uaim chomh fánach le haoinne sa saol.
Tá an ceo ‘gus an brón go mór ag góilt thimpeall mo chroí,
Is lán do dhá láimh de dheoraíocha ag sileadh liom síos.
Tré ghrá chailín óig a bhreoigh is a bhain díom mo chiall,
Is ní mhairfead bliain beo má phósann sí an fear dubh ón Sliabh.
Nótaí:
Tá an-chosúlachtaí idir an t-amhrán so agus na hamhráintí ‘Caisleán Uí Néill’ agus ‘An Cailín Deas Rua’.
Is amhrán Muimhneach é ‘An Cailín Deas Rua’ agus é coitianta go leor i gCiarraí agus sna Déise.
Amhrán Connachtach is ea ‘Caisleán Uí Néill’ a chumadh sa 17ú haois agus de réir Brian O’ Rourke (Leabhar Mór na nAmhrán) tá leaganacha eile den amhrán darbh ainm ‘Bean Dubh ón Sliabh’.