An londubh’s an chéirseach (Leagan 1)

Tá an londubh’s an chéirseach is an fhuiseoigín le chéile
Is an smóilín binn bréagach ina ndiaidh ins gach áit.
An chuach i measc an mhéid sin ag seinm dánta is dréachta
Do chúl trom tais na bpéarla is dom chéad míle grá.

Is trua gan me is mo shiuirín is barr mo láimhe dlúth léi
Go seinnfinn di go súgach le mórghrá dá gnaoi.
A laoi nárbh aoibhinn domhsa dá bhfaighinnse cead a bheith ag siúl léi
’S a rún mo chroí bí ag súil liom le h-éirí don lá.

Dá mbeinnse im’ smóilín do leanfainn tríd an mhóin í
Mar is ise bláth na hóige a thógfadh suas mo chroí.
Ó bhéinnse ’seinm ceoil di ó mhaidin go tráthnóna
’S a chúl trom tais na bpéarla, is dom chéad míle grá.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design