An Páistín Fionn

Grá lem’ anam mo pháistín fionn,
A bhfuil a croí is a haigne ag gáire liom;
A cíocha geala mar bhláth na gcrann
Is a píob mar eala lá Márta.

Is tusa mo rún, mo rún, mo rún,
Is tusa mo rún is mo ghrá geal;
Is tusa mo rún is mo chumann go buan,
‘Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín (nó: ’Sé’n feall gan tú agam ó do mháithrín.

Cara mo chroí, mo pháistín fionn,
A bhfuil a dhá grua ar lasadh mar bhláth na dtom;
Tá mise saor ar mo pháistín fionn
Ach amháin gur dh’ólas a sláinte.

Is tusa mo rún srl.

Dá mbéinnse sa mbaile ’na bhfuil súgradh is greann,
Nó idir dhá bharraille lán de leann,
Mo stóirín im’ aice is mo lámh fá’n a ceann,
Nach súgach a dh’ólfainn a sláinte.

Is tusa mo rún srl.

Chaith mé naoí n-oiche ag luí go bocht;
Sínte fé dhílinn idir dhá thor;
A chumann mo chroí, is mé ag smaoineamh ort
Is ná faighinnse le le fead ná le glaoch tú.

Is tusa mo rún srl.

Tréigfead mo cháirde is mo mhuintir gaoil,
Tréigfead a mhaireann de mhnáibh an tsaoil;
Ach ní thréigfead lem mharthainn thú, a stór mo chroí,
Go síntear i gcómhra faoí chlár mé.

Is tusa mo rún srl.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design