Aonach Bhearna na Gaoithe (Leagan 1)

Bhí diversion aerach ar an aonach,
Mórchuid aeir is aoibhnis,
Ceolta néata, sport is scléip suilt,
Feoil á gléasadh chun bídh ann.
Bhí whiskey is ale ann fíon Genéva,
Branda craorac bríomhar,
Plúr na déise, arán sinséir,
is cáis ar scales á díol ann.

Rabhdlam raindí, rabhdlam raindí, rabhdlam raindí réidí
Rabhdlam raindí, rabhdlam raindí is mallaithe an dream tincéirí.

Bhí siúicrí, síolta agus rísíní,
Mil na gcíor á taoscadh ann,
Bhí mórchuid fíona, feoil sicíní,
Is ba shóil bhlaschaoin an gravy.
Bhí ann feoil choiligh a bhí rómhilis,
Bhí ann feoil druide is naoscaí,
Bhí salann ’s leek ar anra laoigh
Is canna á dhíol ar réal de.

Rabhdlam raindí srl.

Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair muca is caoirigh:
Ar asail a bhí an t-an-éileamh,
Ar bhó bhainne ghroí bhí seacht nginí buí,
Bhí ba seasca cuíosach daor ann.
Ar chránta is slip-í bhí ceithre púint trí
Agus ana-chuid díobh go léir ann.
Ach ar na banbhaí ní raibh ach neamhní;
Níorbh fhiú duit a ndíol in ao’ chor.

Rabhdlam raindí srl.

An bhó ionlao ná raibh ró-aosta
Bhí sí daor a dóthain,
Sé púint, sé deich scilling is real,
Is ní bhfaighfeá an lao gan coróin ann.
Ar sheafaid aosta gheofá ao’ rud,
Bhí gamhna daor go leor ann,
Capaill ghroí ba dheacair a dhíol,
Bhí an donas ar fad ar na ponies.

Rabhdlam raindí srl.

Bhí seanmhná críonna, laga gan bhrí ann,
Is a dteanga go líofa ag bardaíocht,
Plucaireacht chainte acu le saint
A gclanna a dheighilt ón ardbhruíon.
Bhí bacaigh na dúiche is trick-of-the-loop ann,
Is aibidh a liúdh lucht cártaí,
Bhí dathacha i nglúine sheanduine an ghúta
Is é ag eascaine ansúd le hardchroí.

Rabhdlam raindí srl.

Clois Tóibín, N. Amhráin Aneas, Gael Linn; 2007

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design