Bhí diversion aerach ar an aonach,
Mórchuid aeir is aoibhnis,
Ceolta néata, spórt is scléip suilt,
Feoil á gléasadh chun bídh ann.
Bhí whiskey is ale ann, fíon Genéva,
Branda craorac bríomhar,
Plúr na déise, arán sinséir,
is cáis ar scales á díol ann.
Bhí siúicrí, síolta agus rísíní,
Mil na gcíor á taoscadh ann,
Bhí mórchuid fíona, feoil sicíní,
Is ba shóil bhlaschaoin an gravy.
Bhí feoil choiligh ann ’bhí rómhilis,
Bhí ann feoil druide is naoscaí,
Bhí salann ’s leek ar anra laoigh ann
Is canna á dhíol ar réal de.
Bhí rug ann is tapers, Kersey is fear-not,
Vest ann don chéad fhear déanta,
Russia-duck jean ann, cassimers néata,
Spanish ar ghné ceart síoda.
Bhí bán, dearg, uaithne, gorm chun buanfais,
Dubh ann don uaisle is airde,
An tOrange ag gluaiseacht ar eagla a bhuailte,
Is cheannaigh na sluaite an buí ann.
Bhí olann á díol ann, olla is cardaí,
Bhí bunach is líon ann mórchuid,
Hataí breá’ míne clúimh coiníní,
Togha stocaí agus bróga.
Bhí tobac is píopaí is an-chuid snaois’ ann,
Bonnet-í, screens agus róbaí,
Bhí deifir is bruíonta i ndeireadh na scríbe
De dheasca na mbraon á n-ól ann.
Bhí sceana ’gus forcanna, rásúirí, meanaithí,
Corcáin, pan-anna ’s ceaintíní
Bhí cábán is daichead ann lán de lucht standing-í,
Bhí uafás anairte á díol ann.
Bhí bréidíní cluthara, plainceidí, cuilteanna,
Flainíní, brait is braitlíní.
Bhí miasa breá’ cona ann, cannaí is loinithí,
Meadracha an ime is peigíní.
Bhí ba, capaill, laoigh ann, gabhair muca is caoirigh,
Ar asail a bhí an t-an-éileamh,
Ar bhó bhainne ghroí bhí seacht nginí buí,
Bhí ba seasca cuíosach daor ann.
Ar chránta is slip-í bhí ceithre púint trí
Agus ana-chuid díobh go léir ann.
Ach ar na banbhaí ní raibh ach neamhní,
Níorbh fhiú duit a ndíol in ao’ chor.
An bhó ionlao ná raibh ró-aosta
Bhí sí daor a dóthain,
Sé púint, sé deich scilling is réal,
Is ní bhfaighfeá an lao gan coróin ann.
Ar sheafaid aosta gheofá ao’ rud,
Bhí gamhna daor go leor ann,
Capaill ghroí ba dheacair a dhíol,
Bhí an donas le daoire ar phonies.
Bhí uafás go léir de chiarraígh mhaola
Ó Bhaile Mhistéala á ndíol ann,
Ba beaga caola nárbh fhiú leat in ao’ chor
A gceannach ar aon sórt deal ann.
Ar thrí ghiní is réal cheannaigh Seán Léan
Dhá sheafaidín mhaola ’bhí cuíosach,
Is geallaim óm bhéal nach duine rómhaol
An seanduine claon a dhíol iad.
Bhí seanmhná críonna, laga gan bhrí ann,
Is a dteanga go líofa ag bardaíocht,
Plucaireacht chainte acu le saint
A gclanna a dheighilt ón ardbhruíon.
Bhí bacaigh na dúiche is trick-of-the-loop ann,
Is aibidh a liúdh lucht cártaí,
Bhí dathacha i nglúine sheanduine an ghúta
Is é ag eascaine ansúd le hardchroí.
Bhí uafás Éireann mangairí éisc
T’réis an-chuid hakes a dhíol ann,
Adhanta china, roithleáin, créithre,
Agus snapadh ag béithe ar fhíonta.
An trumpa béil ba bhinne leat é
Le barra do mhéar a luí air,
Is an crúibín muice a gheofá ar phingin
Is go bhfanfá á creimeadh go fíorsmior.
Bhí brush-anna canta is curry-combs capaill ann,
Cliabhán ar ceapadh seoithín dó,
Turainn is fearsaidí, scáinéir chun casta dóibh
Cruiceog don saithe chun luí inti.
Bhí turnips is meacain ann, cairéidí dearga,
Plumaí dubha ’gus silíní,
Ar oinniúin bhí an stracadh le gannchúis bainne
Is mná tí ag caismirt ina dtimpeall.
Bhí scadáin i mbairille á ndíol ag an mangaire,
Bioránaigh chalma ’s dob’ úr iad,
Sliogáin chnischarraige, portáin is gleamaigh ann,
Bradáin is bric gheala ón tSiúir ann.
Bhí portáin ón bhfarraige ann, fraocháin ina gcairn,
Spíonáin fairsinge is úlla,
Bhí fliúitín don leanbh ann, crúiscín don bhanaltra
Is scáthán chun amhairc don chúileann.
Bhí tincéir is fiche ann ’tháinig ó Bhiorra,
A gcuid asal faoi iomad bagaostaí,
A mná is a linbh, a stáin is a gcuid miotail,
Thiomáineadar tinteanna á ndéanamh.
Ba ghearr go raibh tine acu is a lán daoine cruinnithe,
Dob álainn leat boilg ag séideadh,
Ach doirteadh an goradh, ar chuid acu cuireadh é,
Is ansan bhí an cogadh ar an aonach.
Tomás Ó Móráin, ‘Tomáisín an Cheo’ nó Tomáisín an Bhodhráin’ (fl. 1820) a chum.
Maidir le cúlra an amhráin seo, feic Ó Gealbháin, C. ‘Diversion Aerach: “Aonach Bhearna na Gaoithe” agus an saol in Éirinn sa naoú haois déag’, Béaloideas 81 (2013).
Feic, chomh maith, O’Daly, J. The Irish Language Miscellany John O’Daly, Baile Átha Cliath; 1876 agus Tyers, P. Sliabh gCua m’Óige An Sagart, An Daingean; 2003.