Ar Éirinn ní neosfainn cé hí (Leagan 1)

Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
Ar an dtaobh eile dhen teora ’na mbím,
Do thaobhnaigh an spéirbhean im’ chomhair
Dh’fhág taomnach breoite lag sinn.
Do ghéilleas dá méin is dá cló,
Dá béal tanaí beo-mhilis binn,
’S do léim mé fé dhéin dul ’na treo
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
Is iad ráite mo bheoil a bheadh fíor,
’S go deimhin duit do dhéanfainn do ghnó
Do léir-chur i gcóir is i gcrích.
Do léifinn go léir stair dom stór
’S ba mhéin liom í ’phógadh óm’ chroí,
Do bhéarfainn an chraobh di ’na dóid
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Tá spéirbhruinneall mhaorga mhall óg
Ar an dtaobh eile dhen teora ina mbím,
Tá féile ’s daonnacht as meon
’S deise’ ró-mhór sa mnaoí.
Tá folt léi ag titim go feor
Go cócánach ómarach buí,
Tá lasadh ina leacain mar rós
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design