Aréir is mé ag téarnadh ar neoin
Ar an taobh eile den teora seo thíos,
Do thaobhnaigh an spéirbhean im’ chomhair
D’fhág taomnach breoite lag sinn.
Le haonghean dá méin is dá cló,
Dá briathra ’s dá beol tanaí binn,
Do léimeas fé dhéin dul ’na comhair
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
Tá spéirbhruinneall mhaorga dheas óg
Ar an taobh eile den teora ina mbím,
Tá féile agus daonnacht as meon
’S deiseacht ró-mhór sa mnaoí.
Tá folt léi ag titim go feor
Go cócanach ómarach buí,
Tá lasadh ina leacain mar rós
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom ghlór
Is iad ráite mo bheoil do bheith fíor
Go deimhin duit go ndéanfainn mo ghnó
A léir-chur i gcóir is i gcrích.
Léifinnse léir stair dom stór
’S ba mhéin liom í ’phógadh óm chroí,
Do bhéarfainn an chraobh dhi ’na dóid
’S ar Éirinn ní neosfainn cé hí.
A ghrá ghil bí páirteach liom féin
’S go háirithe dá mb’fhéidir liom scríobh
Bheinn ag gáire le bán-chnis na gcraobh
Dá bhfaighinn áirithe ó éinne cé hí.
Níl a cáirde ró-shásta liom féin
Chun áras a dhéanamh ná tíos,
Ach má tá sí d’réir ráite do bhéil
Ní náir duit a léamh dúinn cé hí.
A Bhrúnaigh, a fhir mhúinte gan cháim
Cárbh ionadh liom stráille gan chrích
Seachas réic a bheadh tabhartha do mhná
A mbeadh náire air a chás a chur síos
Seachas údar a shiúlaigh a lán
A bhfuil ó bhailte na tuaithe go Portlaois’,
A bheith ag teacht ag tabhairt cuntais im’ ghrá
’S ar m’iomchrach ní neosfainn cé hí.
Clois Tóibín, N. Rinn na nGael, Cló Iar-Chonnachta; 1999 agus Tóibín, N. Amhráin Aneas Gael Linn; 2007.