Tá Baile Uí Gháigín go bráth fé mhairg
As diaidh mo scafaire breá deas ;
Gach n-aon a ghabhadh a’ tslí is chun a thí do bhíodh a thaisteal,
‘S gheibhidíst iostas mí nó ráithe.
Nuair a chuirtheá ort do phíob, a shíol na sagart,
Nach cliste a dh’imireóthá an Hárman1;
I bhFlaitheas Geal Chríost, i measc na laoch atá do leaba
‘S go deimhin chuir Peadar romhat fáilte.
A mhic Thomáis na gceann, guím lom ort is deacair ,
Leá’ agus leathadh ar do shláinte ;
In Ifreann go rabhair mar gheall ar do pheaca,
Ag an diabhal go raibh t’anam is garda air.
Ar nós coipeadh na habhann go rabhair lag marbh,
I measc tintreacha2 ar feadh mí báite,
Mar gur dhearbhaís an fear gur bhun ós cionn an Croppy –
An Paorach nárbh fhuirist é a cháineadh.
Níor chreid mé riamh is níor ghéilleas a chuigint
Gur traochadh poic ná táinte,
Mar gurb é Éamonn Óg Paor an séimhfhear cumann
De shíol is de shliocht na sárfhear.
Ach deirimse féin an méid seo anois
Gur san aol a chuireadh a chná’na’3
‘S ní dh’iarrfainn dh’fhaid saoil acht a cheann méith dh’fháilt scriosta
Dhen tréatúir a dhein an t-informing.
Eireoidh mé féineach go moch ar maidin
‘S raghad ‘dtí’n Chlais ar saothar,
Nó go Gleann na hUidhre mar a mbíonn na fearaibh
Is an chuaichín i mbarraí na ngéag ann.
Ní airím greann ag mnáibh ná ag fearaibh
Ach iad súd ag crochadh4 a chéile,
‘S is gairid uait an t-am go ragham araon abhaile
Go Teampall Geal na nDéise.
- Nótaí as comhrá le hÁine féin: “an ‘Hárman’ a deirim, ach is ‘Járman’, nó ‘Gárman’ é, tagairt do phort rince ón nGearmáin a tháinig chugainn go luath sna 1700aí, de réir mar a thuigim”.
- ’Sé sin ‘tinte’
- Leagan Déiseach den bhfocal, ’sé sin ‘a chnámhanna’
- ’Sé sin, iad ag scéitheadh ar a chéile