Baile Uí Gháigín (Leagan 2)

Tá Baile Uí Gháigín, mo chumha, fé mhairg
Tríd an scafaire álainn.
Gach n-aon a ghabhadh a’ tslí chun aoibhneas a tharraingt,
Thugaidís oíche is lá ann.
Nuair a chuirfeá ort do phíb is ea a thagadh an sagart,
Is ba róbhreá d’imirt a bhí ar áilleacht.
I bhFlaithis Mhic Dé i measc na naomh go raibh t’anam,
Agus chuirfeadh Naomh Peadar romhat fáilte.

Tá mé cráite ó d’fhág mé an baile,
Ag dul go Gleann Iúir im aonar;
Nó go Gleann na gCaorach mar a mbíodh fúm gaise,
Ag teacht ó Rinne na Sléibhte.
Ní chloisim greann ag mná ná ag fearaibh,
Ach go gcrochfaidís féin a chéile,
’S is fada liom an t-am go mbead ag casadh
Ar Bhaile Uí Gháigín na nDéise.

Níor chreid mé féin is níor ghéill mo thuiscint
Go dtiocfadh na trúip thar sáile,
Nó go mbeidís go léir ag gabháil inár gcoinne
Trí shléibhte, chnoic is bhánta.
Beidh siad dár nglaoch is b’fhearrde sinn an siosma,
Is le neart faobhar claímh gearrfam
Na bodaigh úd a thraoch an tréanfhear cumais,
Is é an Paorach nárbh fhurast’ a cháineadh.

A mhic Thomáis na gceann, guím lom ort is deacair
Leá is leathadh ar do shláinte.
A dhearbhaigh an feall go mbeadh do cheann ar Croppies,
Togha na bhfear nár cáineadh;
Ar nós coipe na habhann go rabhair lag marbh,
I measc tonnacha ar feadh mí báite,
In Ifreann go rabhair i ngeall led pheacaí;
Ag an diabhal go raibh d’anam is gárda air.

Feic leat Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design