Tá bliain nó níos mó agam ag éisteacht
Le cogar doilíosach mo mheoin,
Ó chasadh orm grá-gheal mo chléibhe
Tráthnóna breá gréine sa bhfómhar.
Bhí an bhó bhainne cumhra ag géimne’
’S na héanlaith go meidhreach le ceol,
’S ar bhruach an tsrutháin ar leataobh díom
Bhí an cailín deas crúite na mbó.
Tá a súile mar lonradh na gréine
Ag scaipeadh tré spéarthaibh gan cheo
’S is deirge a grua ná na caortha
Ar lasadh i measc craobha na gcnó
Tá a béilín níos milse ná sméartha
’S is gile ná leamhnacht a snó
Níl óigbhean níos deise sa saol so
Ná an cailín deas crúite na mbó.
Dá bhfaighinnse ard-thiarnas na hÉireann
Nó éadacha síoda ’gus sróil,
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde
Dá bhfuil ar an dtalamh seo beo.
Dá bhfaighinnse céad loingeas mar spré léi,
Píoláidí, caisleán agus ór,
Do b’fhearr liom a bheith bocht ar dhroim slé’ amuigh
Lem’ chailín deas crúite na mbó.
A pheacaigh dein machnamh agus múscail
Agus cuimhníg ar Úr-Mhac na hÓighe,
Do shaor sinn ó pheacaí na drúise
’S ó mhealladh gach cúlfhionn dheas óg.
Glaoigh ar na haingil dod’ chúnamh
’S ar Bhanríon gheal mhúinte na hÓighe,
Mar go mb’fhearr iad chun seasamh lá an chúntais
Ná ’bheith sa mbaile in am crúite na mbó.
Mo dheacair, mo mhairg is mo thuirse!
Cad a dhéanfaidh lucht drúise is fionmhóid?
Lucht tarcaisne a thabhairt i gcló ghlan
’S lucht spailpe na mionn’ ós cionn dóil.
Mar is dearbh gur dona an t-éachúrsa
Agus tabharfar chun cúntais iad fós,
I bParrthas beannaithe an Uain-Mhic
Muna gcasfar i bponc iad faoi bhrón.
Tiocfaidh Mac Muire lá an chúntais
Chun breithiúntas a thabhairt ar ár sórt,
Lasfaidh an fharraige bhrúideach
Agus silfidh gach dlúth-charraig deor.
Tiocfaidh scamall ar an ngealach agus dúthaigh
Agus crithfidh na mór-chnoic le sceoin,
Nuair a sheinnfidh an tArdaingeal a thrumpa
Beidh gach anam ina dhlúth-cholainn chóir