Aréir agus mé machnamh ar mhaoilinn a’ leasa
Cé chífinn chugham ag tarraingt ach an tsíbhruinneal óg,
A raibh a bratchumha léi go talamh, a géaga léi ar leathadh,
Is a cuacha buí gan casadh ’titim léi go feoir.
D’fhiosruigheas féineach den ainnir cé’r díobh í nó a hainm:
“An tú síbhean na Craige, ríon Airt* nó Móir?
Nó’n tú Anna Chaomh Nic Gearailt gidh gur do lugha dár gcaraid (sic)
Atá ag éileamh an mharcaigh sa mBuí Chnoc fé bhrón?”
Shuidh taobh liom an ainnir, a haolchrobh mar an eala,
An réiltean gan ghangaid do b’áilne ar bith snó.
“A shéimh fhir a labhair,” a’ géarghol is ag ceasnaighil,
“Réidhfidh mé do gheasa ach suímid go fóill.
Is mé Anna Chaomh Nic Gearailt ó Dhún Aolta na Seabhac,
Mar a bhfuil tréanfhuil ag caismirt go dianmhar as mo dheoidh;
Táim traochta le sealad ó bheith ag éileamh bhúr mairbh,
’S gurb é Pilib Séimh ceart Ó Fathaigh fáth mo dhobróin.”
Mo léan agus mo thuirse! An séimh-fhear gan fuinneamh
A bheith daorsnoite i dtinneas is i bhfaoilteacha bróin,
Nó arbh fhéidir go gcuirfidh an séilte ort an cluiche?
Glaoidh feasta ar Mhic Mhuire is ar Bha’ríon na hÓighe.
Beidh do chéile ’gus do linbh ag géarghol go connail,
I’d éileamh a Philib is tú sínte gan treoir;
’S má théann ort san imirt, dein liom ionad coinne,
Is raghad id’ fhéachaint Lá’l Muire dtí’n mBuí-Chnoc ar nóin.
Ó is méin liomsa feasta ar mo ghaolta-sa labhairt,
A shéimhfhir gan ghangaid, a shíolraigh ón bpór;
Gréagaigh ’s Craithigh is na Paoraigh ab fhearra,
Lucht éigse do labhairt, lucht saghad agus treoir.
Níl aon díobh ’na mbeathaidh a réidhfeadh ár ngeasa,
Glaoite as diaidh t’ainmse sa tír úd id dheoidh,
Ó shéanais do charaid ag dul faoi bhéil lice i nglasaibh,
Mar chuaigh Phoebus fá scamall sa mBuí Chnoc faoi bhrón.
Ó is éigean liom feasta géilleadh dhod’ theastas,
A thréanfhir a gheanas sa mBuí Chnoc faoi bhrón,
An tAonmhac ’od ghlacadh go caomhnach sna Flaithis,
Ag tabhairt saorbhreith ar t’anam ’s ’od shaoradh ó gach brón.
Beannacht Maighdean na bhFlaitheas ar chuadhais fá’n a brataibh,
Lonradh na scaball, na gcros agus na gcróinn;
Beannacht na naomh agus na n-aingeal is gach n-aon díobh dár thaithís,
’S mo bheannacht féin leat gan ghangaid go Ríocht geal na gcór!
*Raghanthairt
Clois Ó Cadhla, L. Amhráin ó Shliabh gCua, RTÉ; 2000