Casadh an tSúgáin

A Rí na bhfeart cad do chas ins a’ dúthaigh seo mé?
‘S gur mó cailín deas a gheobhainn im’ dhúthaigh aoibhinn féin;
Gur chasadh mé isteach mar a raibh searc agus grá geal mo chléibh,
’S chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir.

Má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín mo chroí,
Ma bhíonn tú liom, bí liom os comhair an tsaoil;
Ma bhíonn tú liom, bí liom i ngach orlach ded’ chroí,
Is é mo lom go fann nach liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoí.

Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é,
Ní bheathaíonn na bréithre na bráithre pér sa domhan scéal é;
Is táim id’ dhiaidh le bliain is gan fáil agam ort féin,
’S gur geall le fia mé ar sliabh go mbeadh gáir con ina dhéidh.

Má bhíonn tú liom…

Do threabfainn, d’fhuirsinn, chuirfinn síol ins a’ chré,
‘S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh,
Do chuirfinn crú fén each is mire shiúil riamh ar féar,
’S ná héalaodh bean le fear ná déanfadh san féin.

Má bhíonn tú liom…

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design