Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha

Rugadh Eibhlín Nic Craith, Bean Uí Dhonnchadha i gCnocán an Phaoraigh sa Rinn ua gCuanach. Phós sí Páid Ó Donnchadha ó Ghleann na Brice agus tá cónaí inniu orthu i gCill an Fhuarthainn. Múinteoir scoile ba ea Eibhlín i Scoil San Nioclás sa Rinn ua gCuanach. Is minic í fós le feiscint ann, ag cur comhairle ar ógra na dúiche. Tá stór mór amhrán aici agus do roinn sí go fial le muintir na nDéise iad i gcaitheamh na mblianta a chaith sí mar mhúinteoir acu. Is saineolaí ar chúrsaí staire í Eibhlín agus tá an-eolas go deo aici ar phátrún na Rinne, Naomh Nioclás.

Eibhlín Bean Uí Dhonnchadha

Amhráin

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design