Eochaill (Leagan 2)

Maidin Domhnaigh, is mé ag dul go hEochaill,
Do chasadh an óigbhean orm sa tslí;
Bhí a gruaig ar áilleacht ar sileadh thóirste
Is ba bhinne a glór ná na ceolta sí.
Leagas mo lámh thar a bráid le mórtas
Is d’iarr mé póigín ar stór mo chroí;
Ach ‘sé dúirt sí “Stad is ná strac mo chlóca
Is gan fios do ghnó-sa ag bean do thí.”

“Seo mo lámh duit ná fuilim pósta
’S gur buachaill óg mé thug gean do mhnaoí;
’S dá dtriallfá liomsa thar nais go hEochaill
Go bhfaighfeá ann ómos mar a gheobhadh bean tí.
Chuirfinn high-caul cap i gceart is i gcóir ort,
Gúna, clóca is caipisín
Beidh siopa dram againn de’n bhfíon is den bheoraigh
’S do leanbh dóigheamhail ag siúl an tí.”

“Níl ann ach uair bheag ó dh’fhág mise Eochaill,
’S ní ligeann an brón dom filleadh arís,
Mar go mbeadh mo mhuintir i bhfeirg mhór liom
’S cha bhfaighinnse fóirthint óm’ cháirde gaoil.
Leath a ndeir siad, ní dheanaim a gcomhairle
Ach buailim an bóthar de ló ’gus d’oíche;
Is cailín scaithte mé ’tá ag siúl an bhóthraigh
Ag lorg eolais ar Cheapach Chuinn.”

Clois Tóibín, N. Rinn na nGael Cló Iar-Chonnachta; 1999

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design