Fiach na Claise Muaire

Siúd amach a’ madra ’gus leanamar leis na gadhair é,
Suas tríosna gearra-chnuic ’s trí thalamh an Phaoraigh.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Suas Ceapa Chuinn ’s trí Shléibhte Leasa Muaire,
Cnoc Mhaol Domhn’ agus sneachta go leór air.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Síos chun na Carraige ’sea fuaireamar ár radharc air,
Mná ’gus linbh ar chnuic agus ar shléibhte,
’S iad a’ féachaint ar a’ ngreadhnach ’s é á thraocha.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Suas chun a’ bhaile beag a dtugann siad an Uidhir air,
Chua’ sé fé thalamh ann mar b’é leaba ’bhí gen ngreadhnach.
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró rae ró,
’S an fal do dal do didlí, ruidilí raigh ró ruí.

Ár mbuíochas leis an Dr. Seán Ua Súilleabháin, Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh as an amhrán áirithe seo a chur ar fáil dúinn. I dtigh Thaidhg i mBarra na Stuac a dheineadh an taifeadadh, 24 Lúnasa 1992.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design