Fuaireas-sa cuireadh

Fuaireas-sa cuireadh chun dul ar a’ bpósadh
Hacstaí micidí hicidí hum,
Is olc a chuaigh an cuireadh san dómhsa
Hacstaí hódaí micidí hicidí hum,
Dhódh mo stocaí ’gus ghoideadh mo bhróga
Hacstaí micidí hicidí hum,
Agus thit mo bhean in oighean na feola
Hacstaí hódaí micidí hicidí hum,

Ní bhfuaireas-sa scian ná forc chun a tógtha,
Ach scian do bhí briste ’gus forc a bhí leointe.
Liúigh sí ’s bhéic sí, stracadh a clóca,
’S thug sí clabht’ trasna an srón dom.

Dh’fhágas-sa thíos í go raibh sí dóite,
’S dheineas-sa féin mo mhéaranna a dhóigh léi.
Tháinig an gruagach uaibhreach cróga
’S thóg sé aníos í as coire na feola.

D’fhiartha sí dhíom an iníon dom an óigbhean,
Dúrtsa nárbh ea ach mo thríú beanphósta!
“Gaibh-se an bealach ’s gabhad-sa an bóthar
’S pé ’cu againn a leanfaidh sí bíodh sí go deo aige.”

Chuas-sa an bealach is chuaigh seisean an bóthar
’S lean sí an gruagach ós aige a bhí an óige.
Do shuíos-sa ar bhloicín is ghoileas mo dhóthain,
Do shileas-sa deora go hard a’ tráthnóna.

Feic Ní Riain, N. Stór Amhrán Ossian Publications, Londain; 1988

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design