I am a young fellow (Leagan 1)

I am a young fellow that drank out his land and means,
’S cailligh an bhaile ná tabharfadh dom bean ná spré,
I placed my affections on one that had gold in store,
’S gheallas don ainnir go leanfainn di féin go deo.

We made up our minds with each other for to elope,
’S go dtabharfainn mo chapall i gcoinne mo mhíle stór,
I met my true lover about the appointed place,
’S í ag tarraingt ar Chaiseal ar sodar i meán an lae.

It was then I accosted this juvenile jovial dame,
Mo dhiallait dá chnagadh is mo chapall dob ard é ’léim,
We being in a hurry I asked her to mount the mare,
’Sé dúirt sí fan socair táim cortha go n-ólfad braon.

We went to an inn and she called for a quart of ale,
’S coirce dhon gcapall go fairsing is a dóthain féar,
She opened her purse and she pulled out a note to change,
Is ní dh’fhágamar Caiseal go maidin le héirí an lae.

Next day we engaged with a captain to sail away,
’S do dhíolas mo chapall le sagart ó Pharóiste an tSléibhe,
The ship being steady, the weather was fine and fair,
Is do shroicheamar talamh gan uireasa gá ná baol.

When we landed in London the police were on the quay,
Mar bhí barántaisí scrite san Telegraph News ó inné,
We were both deteced and sent off at once to jail,
’S thugadh thar n-ais go Cluain Meala sinn chun ár gcúis do phlé.

On the day of our trial her mother she swore severe,
Gur rógaire mise ’bhí ag imeacht lé fán an tsaoil,
That her daughter was simple and I was a scheming rake,
Is gur bhuaileas-sa bob uirthi i gan fhios don saol go léir.

The court being in silence the jury were then charged,
’S do dh’fhriafraíodar dínn-e ’raibh aon rud againn le rá,
She showed him the will that her father bequeathed of late,
’S dh’fhág sé ag an ainnir an feirm go léir sa réim.

When we were aquitted, my true love I did embrace,
’S chuadhas go dtí an sagart chun mé a cheangailt le grá mo chléibh,
He put on the knot and t’was easy he got his change,
’S maireamar go sámh idir Carraig na Siúir’ agus Fethard.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design