I am a young fellow (Leagan 2)

I am a young fellow that ran out my lands and means,
Agus cailleach an bhaile ná tabharfadh dam bean ná spré,
Oh, I placed my affections on one that had gold in store,
Agus gheallas do’n ainnir ná scarfainn léi féin go deó.

We made up our minds with each other for to elope,
Is do rugas an capall i gcoinnibh mo mhíle stór,
I met my true lover about the appointed place,
’Sí ag tarraingt ar Chaiseal ar sodar i meadhon an lae.

’Twas then I accosted this juvenile jovial dame,
Mo dhiallaid dá chnagadh ’s mo chapall gurb’ árd é (a) léim,
We being in a hurry I asked her to mount the mare,
’Sé dubhairt sí fan socair, táim cortha go n-ólfam braon.

’Twas early next morning we started to meet the train,
Ar eagla an airm ’s dá dtiocfadh an tóir ’nár ndéidh,
In Waterford city we stopped till our notes we changed,
Is bhí céad agus dachad de ghinithibh buidhe ’gan mbéith.

When we reached into London the pólis were in the quay,
Is barántaisí scriobhtha san telegraph news ó ’ndé,
We both were deteced and immediately sent to jail,
Agus cuireadh thar n-ais sinn go Cluain Meala sinn chum ár gcúis do phlé.

The day of our trial her mother she swore severe,
Gur rógaire mise bhí ag imeacht le fán an tsaoghail;
That her daughter was simple, and I was a scheming rake,
Is gur bhuaileas-sa bob uirthi i gan fhios don saoghal go léir.

The court being in silence, the Jury they then were charged,
Agus d’fhiofruigheadar dínn-e ’raibh éin-ní againn le rádh
But she showed him the will that her father bequeathed of late,
Agus d’fhág sé an ainnir an fheirm go léir fé réim.

The magistrate read the last will that her father made,
Agus d’fhiosruigh de’n chailín a pósfadh sí an réic gan céim
But she said that I was a most loving genteel young swain,
Is ná pósfadh mo mhalairt go rachadh sí síos fé’n g-cré.

When we were aquitted, my true love I did embrace,
Agus chuadhas go dtí an sagart chun mé a cheangailt le grádh mo chléibh
He put on the knot, and ’twas aisy he got his change,
Agus mairim go socair ’dir Carraig-na-Siúire san Fiodhard.

Feic Ní Annagáin, M. & de Clanndiolúin, S. Londubh an Chairn, Oxford University Press, London; 1927

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design