Lá Fhéile Pádraig (Leagan 1)

Ó bhíos Lá Fhéil’ Pádraig im’ shuí i tigh’n tábhairne
Bhí gasra álainn le mo thaobh ag ól,
Bhí stuaire mhánla na gcuacha bán’ ann,
A súil mar airne ’s a grua mar rós.
Bhí dís dearthár ann ’na suí ar cheann ’cláir ann
’Thug searc ’s grá don réilthean óg,
Fear súiste is rámhainne is maistir scoláirí,
A scríobh a lán agus ’léigh go leor.

Ó labhair gach n-aon díobh de réir a chéile,
Á moladh féin leis an réilthean óg,
Féachaint a’ mb’fhéidir í mhealladh ar ao’ chor,
Le comhrá béil nó le bualadh ar bord.
Do labhair an spéirbhean, ’bhí mall tais maorga:
‘Ní mholfainn féin an té is áille snó,
Ach an té is léanta chun mo ghnó a dhéanamh-
Is é ba mhéin liom a theacht i m’ threo.

Is sinne a mhúineann na sagairt chlúiteach’
Is na bráithre cumhachtach’ a théann ’dtí’n bhFrainc,
Lucht dlíthe a múscailt go deimhin i gcúirtí
Is gach dochtúir acu a dhéanann leigheas.
Im’ adharc bíonn púdar, im’ bhróig bíonn búcla,
Is deas mo thrús is mo charoline,
Ag síor-ól bhranda sea bím gan amhras
’er a bhíonn an bhrúid bhocht so ag romhar go domhain.

Gabhaim an céachta ’s treabhaim an réchnoc
Is beathaím féineach a ndúirís fós,
’S is páirt dhem’ shaothar an chruithneacht chraorach
Is an eorna a dhéanann dúinn branda ’s beoir.
Nuair a théim ’dtí’n aonach bíonn feirc im’ bhéabhar
Is ró-bhreá a thaoscfainnse an puins ar bord,
Nuair a bhíonn an t-aon so a’ siúl na hÉireann
Is a chleite gé ’ge mar phas ina dhóid.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design