Lá Fhéile Pádraig (Leagan 2)

Do bhíos Lá ’le Pádraig i mo shuí i dtigh tábhairne
Bhí cuideachta álainn le mo thaobh ag ól,
Bhí maighre mánla na gcuacha bán’ ann,
A cneas mar bhláth ’s a grua mar rós.
Bhí dís de shárfhir ’na suí ós cionn cláir ann
A thug searc ’s grá mór don aoileann óg,
Fear súiste is rámhainne is maistir scoláirí,
Do scríobh a lán is a léigh go leor.

Do labhair gach n-aon díobh ina pháirt féineach
Ag moladh a thréithe leis an maighdean óg,
Féachaint arbh fhéidir aon tseift a dhéanamh,
Nó in aon slí in aon chor a theacht ina cóir.
’Sé dúirt an spéirbhean, a bhí ciúin tais maorga:
‘Ní mholfainn féin an té is áille snó,
Ach an té ba léire chun tíos a dhéanamh
Is é ba mhéin liom a theacht i mo chóir’.

Is lúbach láidir a threabhfainn bán duit
Is mo gharraí prátaí go deas agam féin,
Do chuirfinn díon duit ar chruach is ar stáca,
Nó chuirfinn a lán duit den síol i gcré.
Bhéarfainn a lán díobh ó chíos is cána,
Iad a roinnt ar ana is ar bhochtaibh Dé,
Is a Dhia na nGrásta, nár mhór an méid a háireamh,
Ná maistir scoláirí ’s a mhálaí léinn.

Gabhaim mo chéachta, treabhaim na maolchnoic
Is beathaím féin gach ar airíos fós.
Is cuid de mo shaothar an chruithneacht chraorag
Is an eorna a dhéanann an bhraich nó beoir.
Nuair a théim ar aonach bíonn feirc i mo bhéabhar
’S is ró-bhreá a thaoscfainnse puins ar bord.
Nuair a bhíonn gach réic’ díobh ag siúl na hÉireann
Is a gcleití géanna mar phas ina ndóid.

Clois Tóibín, N. Rinn na nGael, Cló Iar-Chonnachta; 1999 agus Tóibín, N. Amhráin Aneas Gael Linn; 2007.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design