Maidin Luain Chincíse do labhair an síofra sa ngleann,
Do bhailíodar na cága chun ábhacht a dhéanamh ann;
Do chruinníomar ‘na dtimpeall is do lasamar ár dtinte,
Agus thógamar ceo draíochta go haoibhinn ós a gcionn
Is mó baile margaidh is cathair aoibhinn cheoil
Agus cúirt ages na Sasanaigh chun seasamh ann ‘nár gcomhair;
Beir scéala cruinn abhaile uainn Dé Domhnaigh go dtí an Aifreann
Gur chun sléibhe a cuireadh chun reatha sinn ‘nár seasamh insa ngleo.
Dá bhfeicfeása an buachaill is an cailín ceannbhuí cas,
Do bhíodh ag imeacht suas ar thuairisc na bhfear;
Beir scéala cruinn dóibh uaimse go bhfuil Captaen Lambert fuar lag
Ar thaobh an tsléibhe go huaigneach gan tuama air ná leac.
Cá bhfuilid na Muimhnigh nó an fíor go mairid beo,
Ná cruinníd siad ‘nár dtimpeall is cabhrú linn sa ngleo?
Mar is deacair poirt do stríocadh ná clann búir do dhíbirt
Ónár mbailte dúchais dílis bhí ár muintir riamh romhainn.
Do tháinig aniar ó Chonnacht chughainn céad is míle laoch,
An oiread céanna ó Ulaidh chughainn i bhfoirm cheart ‘s i bhfaobhar,
Suaimhneas lae níor tugadh dóibh gur bhuaileamar bualadh is fiche orthu,
‘Sé mo léan mar sileadh fuil is coirp ár bhfearan i ndeireadh an lae.
Beir scéala suas chun Mumhan uainn, a rún ghil ‘s a stór,
Agus inis an scéal faoi chumha dóibh go bhfuil an sciúirse ‘nár gcomhair;
Mar is mó leanbh fireann fionn geal agus ainnir mhilis mhúinte
Agus ógfhear cliste lúfar san úir uainn ag feo.
Mo léan ar an Mumhain nár éirigh nuair d’adhnamar an gleo
Faoi airm ghreanta ghreadhnmhar i bhfaghairt acu ‘nár gcomhair,
D’fhágamar go tréith sinn is neart ár namhad ‘nár dtimpeall,
Ach grá mo chroí na Laighnigh b’iad a d’aidhn an tine leo.
Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978