Na Connerys

A Choimín mhallaithe guímse deacair ort ’s gráin Mhic Dé,
Agus ar an ngasra úd ’tá ceangailte go dlúth led thaobh,
Mar is sibh a dhearbhaigh i láthair Choisteala ar an triúr fear séimh,
Is a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí na New South Wales.

An té bheadh ina sheasamh ann is a dhéanfadh machnamh ar ár gcúis á plé,
Mar a sheasaigh sí óna seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi.
Chrith an talamh fúinn le linn na leabhartha á dtabhairt sa mbréig,
Is mo ghraidhnse an t-anam bocht tá sé damanta más fíor don chléir.

Tá jaicéid ghairid’ á ndéanamh ó mhaidin dúinn agus triúis dá réir,
Culaithe farraige, ní nár thaithíomar* i dtús ár saoil.
Murach feabhas ár gcaraid dúinn bhí ár muiníl cnagtha ’s sinn go doimhin faoin aol,
Nó gur chasadh sinn chun téarmaí a chaitheamh ins na New South Wales.

A Bhanríon Bheannaithe ’s a Rí na bhFlaitheas geal tabhair fuascailt orainn araon,
’S ar an mbanaltrain atá sa mbaile go dubhach inár ndéidh.
Le linn an Aifrinn bígí ag agallamh is ag guíochaint chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt abhaile chughainn ós na New South Wales.

*ní nár chaitheamar…

Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978 agus de Noraidh, L. (Eag. Ó hÓgáin, D.) Binneas Thar Meon, Comhairle Bhéaloideas Éireann, Baile Átha Cliath; 1994

Clois Tóibín, N. Rinn na nGael Cló Iar Chonnachta; 1999

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design