Na Tincéirí (Leagan 1)

Tráthnóna brea ciúin is an ghrian fé linn luí,
Is mé cois na tine fé shuaimhneas im shuí,
Tháinig bean bhocht ’dtí’n doras ag lorg lóistín
Is í féachaint tuirseach tar éis an bhóthair.
Do bhí a slipéirí briste gan ranna gan bonn,
Is seanbhrat giobalach casta ar a ceann,
Ní raibh cosaint ón bhfuacht uirthi dá mbeadh sé ann
Is do thugas cead luí sa scioból di.

Do ghaibh sí liom buíochas is dúraíos léi suí
Go nglaofainn ar Nóra, go bhfaigheadh sí greim bia;
Dúirt sí nár beag léi uaimse lóistín
Is go gcasfadh sí tar éis a suipéir di.
Ba ghairid gur rugadh go dian ar mo lámh
Is cé bheadh ann ach Nóra is í ag liúirigh go hard:
‘Ó, éirigh id sheasamh, a Dhéugláin, a ghrá,
Tá an macha amuigh lán de thincéirí.’

Do phreabas go tapa gan gícs as mo bhéal
Is síos go dtí an doras a chuas de ghlanléim;
Cé nár chasadh orm bacaigh níos fairsing im shaol,
Thug na ridirí stáin úd an chraobh leo.
Bhí tincéirí fionn agus tincéirí rua,
Bhí tincéirí breaca ’gus tincéirí dubh’;
Is an bhean úd a tharraing óm chroí-se an trua
Ina giolla ag scuain’ na dtincéirí.

Bhí asail don dúiche ann is stán don chontae,
Ceaintíní, cairteanna is córacha tae;
Bhí stampa camchosach, a shrón mar chairéad
Ag tabhairt orduithe láidre ina thaobh uaidh.
Dúras leis stad lena bhóiceáil gan mhoill
Is an aicme a thógaint amach as mo radharc:
‘Scrios,’ arsa mise ‘chomh mear is tá id bhoinn,
Mar ní háras é seo do thincéirí.’

‘Bí ciúin, a ’mhadáin’ arsan stamaire cam,
Le daoine ded shórtsa is beag é ár mbeann;
Níl aon rud i gcóir dúinn anois chuirfinn geall
Cé gur chuireamar cúntas roimh ré chughat.
Níl sásamh ná spleáchas le fáilt agat uainn,
Ní ghuífear dod mhairbh is ní dhéanfar duit trua
Ach tú ’ghreadadh sa smúsach mara chífir go luath
Sin léite duit dlí na dtinncéirí.’

Le bun bata rámhainne bhí caite le m’ais
Do aimsíos mo bhuachaill le deiseacht sa chab;
Fé bhfuair sé a chuid lapaí a chruinniú ina gceart
Do shíneadh sa macha go maol é.
A mhic ó mo chroí, is ansan a bhí an gleo!
An cogadh ar lasadh is a’ t-arm i gcóir,
Bhí an tlú age Nóra i m’fhochair sa spórt,
Agus geoc uirthi ag lascadh tincéirí.

Bhí piontaí á lúbadh ag Nóra, gan trua,
’S mise ag síorchnapadh, ’cur bacaigh chun suain;
Bhí stumpa a’ choincín agus tochas ’na bhuaic,
Ag féachaint ar léirloitiméireacht.
Nuair a chonaic sé mo bhatasa ag triall ar a phlaosc,
Thug sé ordú ráite don scata go léir,
Ach do dh’fhan mé féin agus Nóra ’á bplabadh le faobhar
Gur fhiachamar uainn na tincéirí.

Pádraig Ó Miléadha do chum. Feic leat Ó Milléadha, P. Duanta Aneas, [Denvir, G. eag.] Cló Iar-Chonnachta, Conamara; 2006.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design