Na Tincéirí (Leagan 2)

Tráthnóna brea ciúin is an ghrian le linn luí,
Is mé cois na tine fé shuaimhneas im shuí,
Tháinig bean bhocht don doras ag lorg lóistín
Is í ag féachaint róthuirseach den bhóthar.
Bhí a slipéirí briste gan ranna gan bonn,
Bhí seanbhrat giobalach casta ar a ceann,
Ní raibh cosaint ón bhfuacht uirthi dá mbeadh sé ann
Is do thugas cead luí sa scioból di.

Do ghaibh sí liom buíochas is dúras léi suí,
Go nglaofainn ar Nóra is go bhfaigheadh sí greim bídh;
Ach dúirt sí nár bheag léi uaimse lóistín
Is go gcasfadh sí tar éis a suipéir di.
Níorbh fhada gur rugadh go dian ar mo láimh
Cé bheadh ann ach Nóra is í ag liúirigh go hard:
‘Ó, éirigh id sheasamh, a Sheamuis, a ghrá,
Tá an macha amuigh lán de thincéirí.’

Do phreabas go tapa gan gíog as mo bhéal
Is síos chun an dorais a chuas de ghlanléim;
Is cé gur theagmhaíos le bacaigh go fairsing im shaol,
Thug na ridirí stáin úd an chraobh leo.
Bhí tincéirí buí ann is tincéirí rua,
Bhí tincéirí groí ann is tincéirí crua;
Is an bhean úd a tharraing óm chroí bochtsa trua,
Mar ghiolla ag scuaine tincéirí.

Bhí asail don dúiche ann is stán don chontae,
Ceaintíní, cairteanna is córacha tae;
Is stampa gan sult is a shrón mar chairéad
Ag tabhairt orduithe láidre ina dtaobh uaidh.
Dúras leis stad dá chuid bóiceáil gan mhoill
Is an aicme úd a thógaint amach as mo radharc:
‘Ó, scrios,’ arsa mise ‘chomh mear is tá id bhoinn,
Mar ní háras í seo do thincéirí.’

‘Bí ciúin, ’amadáin’ arsan stamaire cam,
‘Ar dhaoinibh ded shórtsa is beag é ár mbeann;
Níl aon rud i gcóir dúinn anois chuirfinn geall
Cé gur chuireamar cúntas roimh ré chughat.
Níl sásamh ná spleáchas le fáil agat uainn,
Ní ghuífear dod mhairbh is ní déanfar duit trua
Ach thú ghreadadh sa smúsach mara n-imír go luath
Is sin léite duit dlí na dtincéirí.’

Le bun bata rámhainne bhí caithe le m’ais
Do aimsíos mo bhuachaill ar dheiseacht sa chlab;
Is fé bhfuair se na lapaí a chruinniú ina gceart
Do síneadh sa macha go maol é.
A mhic ó mo chroí, nach againn a bhí an gleo!
An cogadh ar lasadh is an t-arm i gcóir,
Bhí an tlú ag Nóra i m’fhochair sa spórt,
Agus goic uirthi ag lascadh tincéirí.

Bhí piontaí á lúbadh ag Nóra, gan trua,
Agus mise ag síorchnapadh ag cur bacach chun suain;
Agus giolla an chaincín agus tochas ’na bhuaic,
Ag faire ar an léirloitiméireacht.
Nuair a chonaic sé mo bhatasa ag triall ar a bhlaosc,
Thug sé ordú reatha don scata go léir,
Is d’fhan mise agus Nóra dá bplabadh le faobhar
Gur fhiachamar uainn na tincéirí.

Pádraig Ó Miléadha do chum. Feic Ó Miléadha, P. Duanta Aneas, [Denvir, G. eag.] Cló Iar-Chonnachta, Conamara; 2006.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design