Dob aoibhinn mo bheatha ar feadh sealad i dtúis mo shaoil,
Gan buaireamh gan mhairg cois Mhachan ghlas úr na gcraobh,
Is ann a chónaigh an ainnir gheal, phearsanta, shuairc, mhín, tséimh,
Chuirfeadh suáilceas ar m’aigne ar maidin ’s ar mheán an lae.
S’í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha ’s mo thogha thar mnáibh,
A dtug mo chroí gean agus taithneamh dá bráid gheal bhán,
I dtigh tábhairne an ghloine ba mhinic mé im’ shuí ós cionn cláir,
Go n-ólfam do sláinte, a bhruinneall, ’s go dté sí slán.
Nach suarach mar ghnó é ’bheith ag siúl ar na maoil’ seo thiar,
Ó Charraig an Iolair go himeall Loch Chom an Fhia,
Ag smaoineamh ’s ag machnamh, go n-iompaíonn an ghrian aniar,
Ar ghile na gile, mo chailín deas mánla ón sliabh.