Dob aoibhinn mo bheatha feadh sealad i dtúis mo shaoil,
Gan buaireamh gan mhairg cois Machan ghlas úr na gcraobh,
Is ann a chónaigh an ainnir gheal phearsanta, shuairc, mhín, tséimh,
Chuirfeadh suáilceas ar m’aigne ar maidin ’s i meon an lae.
B’í péarla an chúil chraobhaigh mo rogha ’s mo thogha thar mnáibh,
A dtug mo chroí gean agus taithneamh dá bráid gheal bhán,
Is é mhéadaigh ar m’osna agus chuir mé lem’ ré le fáin,
Nuair a scaras, mo dhochar, le hainnir na mbuígcocán.
A chumann na gcumann nach ormsa bhí an mí-ádh,
Is iomad den donas ná léigfidh mé díom go bráth,
Comhairle mo leasa níor ghlacas in am ná i dtráth,
Is é mo léan ’s mo dheacair mar ar cheangail mé riamh le páirt.
Nach suarach mar ghnó é ’bheith ag siúl ar na maoile seo thiar,
Ó Charraig an Iolair go himeall Loch Com an Fhia,
Ag smaoineamh ’s ag machnamh, go n-iompaíonn an ghrian aniar,
Ar ghile na gile, mo chailín deas mánla ón tsliabh.
Cárbh ionadh mo thitim sa tubaist is laghad mo cháil,
Féach Diarmuid, laoch cliste, an fear cúil ar an bhFéin do b’fhearr,
Chuir Gráinne fé gheasa é go bhfuaireadh a chorp ar lár
Nuair a threascair an torc é sa tseilg ar Bhinn Ghulbáin.
Anois ó táim cloíte ’s dh’imíos im spreas gan aird,
Mo shlán chun gach bruinneall dheas mhilis dá dtug mé páirt,
I dtigh tábhairne an ghloine ba mheidhreach mé im’ shuí i gceann cláir,
’S go n-ólfainn a sláinte go fáilteach, ’s go dté sí slán.
Riobard Bheldon do chum
Feic Ó Macháin, P. Riobard Bheldon: Amhráin agus Dánta The Poodle Press, Baile Átha Cliath; 1995