Dh’imíos-sa óm mhuintir le aird-intinn an tsaoil,
Liostáil mé san arm is níor dh’fhan mé ach bliain;
Dhein mé deserting, ar an mbaile ’raibh mo thriail,
Is i bPríosún Chluain Meala ’tá mo leaba le bliain.
Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le tamall,
Tá mo chamán ag liathadh is ag fiaradh fé’n leaba,
Tá mo liathróid á bualadh age buachaillí an bhaile,
Is mar bharr ar gach scéala mise daortha i gCluain Meala.
Do chuireadar ar chúirt mé, mo thuirse ’s mo dheacair!
Ó Chluain Meala go Port Láirge i mbáidín ar an gcaise;
Bhí buachaillí óg’ ann, mná pósta ’gus a bhfearaibh,
Is mo Neilí go dubhach deorach ag siúl na mbóithre lem leanbh.