Ar maidin lae ’le Pádraig ’s mé ag fágáilt an bhaile,
’S mé ag dul go hÁrd Pádraig ‘cur lásaí lem hata.
Bhí Briainín is Máirín á shíor-rádh liomsa casadh,
Agus mé go socair sást’ i bhfochair Sergeant ag ól leanna.
Éir’id’ shuidhe a bhuachaill, agus gluais ar do ghearrán,
Go ragham ’triall ar an stuairín ’tá thuas ar an gcnocán.
Mar bhí sí dá luadh liom ó bhí sí ’na leanbh bán,
Agus is binne liom naoi n-uair’ í ná’n chuaichín ar an ngéagán.
Tá mo shrian is mo dhiallait ar iasacht as baile,
Is mo chapall ag fiadhach aige buachaillí an airm.
Tá mo chamán ag fiaradh is ag liathadh fa mo leabaidh,
Agus mé go dúbhach diachrach i bpríosún Chluain Meala.
O do bhí mé im’ bhuachaill ba stuamdha bhí ’sa mbaile,
Dhéanfainn súgradh nó gáire nó pléirác ar faithche.
Do bhuailfinn poc báire chomh hard leis na fearaibh,
Is a dhaoine na n-árann, nach cás libh mo dhalladh.
Feic Ní Annagáin, M. & de Clanndiolúin, S. Londubh an Chairn, Oxford University Press, London; 1927