Príosún Chluain Meala (Leagan 3)

Bliain is lá amárach sea dh’fhágas an baile,
A’ dul go hArd Phádraig ag cur lásaí lem hata;
Bhí Buachaillí Bána ann agus rás acu ar Ghallaibh,
Agus mé ’dubhach deorach i bPríosún Chluain Meala.

Tá mo shrian is mo dhiallait ar iarraidh le fada,
Tá mo liathróid á bualadh ag buachaillí an bhaile,
Tá mo chamán dá liathadh fé iarthar mo leaba,
Mara bhfóirfidh Dia na nGrást orm, beidh an bás liom ag tarraingt.

A Chiarraíg bíg a’guí liom is bog binn liom ’úr nglórtha
Is beag a shíleas-sa choíche ná béarfainnse beo oraibh
Go mbeidh ár dtrí cinn-ne ar thrí spící mar seó acu,
Fé sneachta na hoíche is gach síon eile á ngeobhaidh chughainn

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design