Istoíche Dé Domhnaigh ‘s mé ag góilt soir cois trá,
Cé chasfaí orm san oíche ach Raghallaigh an chúil bháin
A raibh luisne ‘na ghruanna is a ghruaig bhuí ‘curláil,
Sé mo chumha thú a mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ‘bhá.
Is ‘s baintreach ‘s is maighdean a dhein Dia dhíom go hóg
Nó an dé dhíbh* a dhaoine mar a bhádh mo dhian stór
A raibh luisne ‘na ghruanna is a ghruaigh bhuí ‘curláil,
‘Sé mo chumha tú a mhic Uí Raghallaigh, mar a dheineadh tú ‘bhá.
Is an saor a dhein an bád so an dá lámh go gcaille’.
Ní hé ‘thabharfainn ciontach ach an seannta* a bhí sa déil,
Dá raghainn go Cionn tSáile a d’iarraidh déil a bhí daor,
Ó, ní bheadh mo ghrá báite ar sráidín Chill Dara.
Is beag a shíleas an lá úd go mbeadh an tsráid san lán d’airm,
Dhe shagairt ‘s dhe bhráithre ‘s iad ag trácht ar ár mannar*.
Bhí ceol fidil ós cionn cláir ann ‘s an chláirseach á fhreagairt
Agus dháiréag mná bána ‘cur mo ghrá-sa chun leapan.
Gluais:
*An dé dhíbh = an aon ní libh in aon chor
*Seannta = siúnta =joint/seam
*Mannar = ruining/hardship
Nótaí:
Deirtear gurbh é Micheál Mag Raith ó Mhaigh Eo a chum an t-amhrán so agus de réir Ciarán ó Con Cheanainn (Leabhar Mór na nAmhrán) foilsíodh leagan Muimhneach de ar bhileog bailéid i gCorcaigh rud a dhéanfadh mhíneodh Cionn tSáile agus Eochaill a lua in leaganacha áirithe. Cionn tSáile agus Cill Dara atá ag Máire sa leagan so, Kildare a bhíodh aici agus is fearr a ritheann sé sin leis an rím. Féach ‘Scéalta agus Seanachas’ ag Aine Uí Fhoghlú.
Cionn tSáile agus cóstaí Malbay atá sa leagan a bhailigh Máirtín Ó Cadhain in ‘Faoi Rothaí na Gréine’. Coillte Eochaille agus cóstaí Mhalbay ag Brian O’Rourke in ‘Blas Meala’ agus Coill Tóchair agus cósta Malbay ag Eibhlín Mhic Choisdealbha in ‘Amhráin Mhuighe Seola’. Tá leagan eile ina luaitear Cill Chomáin, Cill Eanainn agus fiú Cill Chainnigh.
Deirtear gurbh é Sruwaddacon Bay (Sruth Fada Con) ba chirte a bheith ann in áit cóstaí Malbay. Deirtead arís gur cósta (Tír) Amhlaidh, atá soir ó thuaigh ón áit a chailleadh iad, atá ann.