Ní chloisim bhéarsa ón lon ná ón gcéirseach
Is ní fhásann féar ins na coillte ceart;
Níl suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Ach ’ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bás.
Is a’ rá gan faothamh, ní bhfaighidh na séimhfhir
Aon oíche in Éirinn ná uair chun reast,
Ag an trúp so méirleach is iad ag teacht lena chéile
Is go mbuailfí caoch sinn ar Sliabh na mBan.
Is oth liom féineach bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaeil bhocht’ is na céadta ’slad;
Mar tá na méirligh ag déanamh géim dínn,
Is a’ rá nach aon ní leo píc ná sleá.
Níor tháinig ár major i dtúis an lae chughainn,
Is ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart,
Ach mar a sheolfaí aoire le bó dtí’n aonach
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan
Is é an Ros do bhreoigh is do chloígh go deo sinn,
Mar a dh’fhágadh mórchuid dínn sínte lag;
Na leanaí óga ’na smóla ann dóite
Is an méid a dh’fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
Ach geallaim féin daoibh ’té a dhein an foghla,
Go mbeimid-ne i gcóir leo le píc is le sleá,
Agus go gcuirfeam yeomen a’ crith ’na mbróga,
Ag díol éagóir leo ar Sliabh na mBan.