Sliabh na mBan (Leagan 2)

Is aoth liom féinidh bualadh an lae úd,
Do dhul ar ghaodhail bhocht a’s na céadta shlad;
Mar tá na méirlidh ag déanadh game dhínn,
Dá rádh nach aon nídh leó pike ná sleagh:
Níor tháinigh ár Major a d-tús an lae chughainn,
A’s ní rabhamar féin ann a g-cóir ná a g-ceart,
Acht mar a sheólfuidhe aoidhearacht bó gan aodhaire
Ar thaobh na gréine do Shliabh na m-Ban!

Mo leun léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan lé féirim a’s oíche stad;
Go mbiadh diuicídhe Déiseach a’s iarthair Éireann
Ag triall le chéile ó’n tír a n-deas:
Do bheith ár gcampuidhe déanta le fórsaighe tréana,
Biadh cómhnadh Dé linn san t-saoighil ar fad,
A’s ní dhíolfadh méirleach do mhuintir Néill sinn,
Acht buafaidhe an sway linn ar Shliabh na m-Ban!

Is é Ros do bhreoidh, a’s do chlaoidh go deó sinn,
Mar ar fúigeadh mór chuid dínn sínte lag;
Leanbhaidhe óga na smól ann dóite
A’s an mhéid d’fhan beo dhíobh cois cladh nó sgairt;
Geallaim fós díbh an té a rin an fódhla,
Go m-biadham a g-cóir dho le pike a’s sleagh,
A’s go gcuirfeam yeomen ag mún n’a m-bróga,
Ag díol a g-comhair leó ar Shliabh na m-Ban!

Is iomdha fear aosda a’s crobhaire gléigeal,
Ó’n am go chéile do gabhadh le seal,
’Na bh-fuil córduighe caola ag buain lúth na ngéag díobh,
A n-doinsiúin dhaora go doimhin faoi ghlas;
Gardaighe taobh leo ná leomhtha sméid orra,
Do dhéanfadh plé dhóibh a d-tír tar lear;
Dá d-tabhairt saor ó na námhaid gan baodhchus,
A n-am an tsaothair ar Shliabh na m-Ban!

Tá’n Francach faobhrach ’sa loingeas gléasta,
Le crannaibh géara ar muir le seal;
Is é an síor sgéala go bh-fuil a d-triall go hÉire,
A’s go g-cuirfid Gaodhail bhoicht arís na g-ceart:
Dá madh dhóigh liom féin go m’fhíor an sgéal sin;
Bheith mo chroidhe cómh h-eadtrom le lon ar nead,
Go mbiadh claoidh ar mhéirlidh san adharc dá séide,
Ar thaobh na gréine de Shliabh na m-Ban!

Tá na cóbaigh ag iarraidh eólais,
Tá’n aimsir óg ’san chabhair ag teacht;
An té mheill na gnódhtha is é leighisfeas fós iad,
A’s ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sraith:
Píosa c’róinneach an chuid ba mhó dhe,
Luath éiric bó nó teaghlaigh deas,
Beidh raince ar bóithre a’s soillse dhá n-dógh ’guinn,
Beidh meidhir a’s mórtas ar Shliabh na m-Ban.

O’Daly, J. Poets & Poetry of Munster, Anglesea Street, Baile Átha Cliath; 1860.

Seo thuas mar a chéad chuir Seán Ó Dálaigh i gcló an t-amhrán álainn seo sa chnuasach tábhachtach aige Poets & Poetry of Munster. Tá grinnstaidéar déanta ag an Dr. Proinsias Ó Drisceoil ar shaol agus ar shaothair an Dálaigh. Feic leat Ó Drisceoil, P. Seán Ó Dálaigh: Éigse agus Iomarbhá, Cló Ollscoile Chorcaí, Corcaigh: 2007.

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design