Ní airím véarsa ó lon ná ó chéirseach
Is ní fhásann féar ins na coillte ceart;
Níl suim ag an spéirbhean i spórt ná i bpléisiúr
Ach í ag gol is ag béiceadh is ag réabadh bás.
Á rá gan faothamh, ní bhfaighidh na séimhfhir
Aon oíche in Éirinn ná uain chun reast,
Ag an trúp so méirligh is iad ag teacht lena chéile
Is go mbuailfear caoch sinn ar Shliabh na mBan.
Is oth liom féinig bualadh an lae úd
Do dhul ar Ghaeil bhocht is na céadta ’slad;
Mar tá na meirligh ag déanamh géim dínn,
Is a rá nach aon ní leo píc ná sleá.
Níor tháinig ár major i dtús an lae chughainn,
Is ní rabhamar féinig i gcóir ná i gceart,
Ach mar a sheolfaí tréada de bha gan aoire
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.
Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan lé héirim istoíche stad,
Go mbeadh dúthaí Déiseach is íarthar Éireann
Ag teacht lena chéile ón tír aneas.
Go mbeadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana,
Bheadh cúnamh Dé linn ’s an saol ar fad,
Is ní dhíolfadh méirleach darbh ainm Néill sinn
Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan.
Is é Ros do bhreoigh is do chloígh go deo sinn,
Mar ar fágadh mórchuid dínn sínte lag;
Leanaí óga ’na smóla dóite
Is an méid a fhan beo dhíobh cois claí nó scairt;
Ach geallaim féin dhaoibh an té a dhein an foghla,
Go mbeamna i gcóir dó le píc is le sleá,
Is go gcuirfeam yeomen ar crith ’na mbróga,
Ag díol a gcomhair leo ar Shliabh na mBan.
Tá na cóbaigh mhóra ag iarraidh eolais,
Tá an aimsir óg is an chabhair ag teacht;
An Té mhill na gnótha is É a leigheasfaidh fós iad,
Is ní dhíolfam feoirling leo, cíos ná sleá.
Píosa coróineach, an chuid ba mhó dhe,
Luach éiric bó nó teaghlach deas,
Beidh rince ar bhóithre is soilse á ndó ’gainn
Beidh meidhir is mórtas ar Shliabh na mBan.
Is mó fear aosta is crobhaire gléigeal,
Ó am go chéile a chuaigh thar lear,
A bhfuil cordaí caola ag baint lúth na ngéag díobh,
I ndoinsiúin dhaora go doimhin faoi ghlas;
Gardaí taobh leo ná leomhfadh sméid’ orthu,
Do dhéanfadh plé dhóibh i dtíortha thar lear;
Á dtabhairt saor óna namhaid gan bhuíochas,
In am an tsaothair ar Shliabh na mBan.
Is tá an Francach faobhrach is a loingeas gléasta,
Le cranna géara acu ar muir le seal;
’Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar Éirinn,
Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís ’na gceart.
Dá mba dhóigh liom féinig go mb’fhíor an scéal úd,
Bheadh mo chroí chomh headrom le lon ar sceach,
Go mbeadh cloí ar mheirligh is an adharc á séideadh,
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.
Feic Tóibín, N. Duanaire Déiseach, Sáirséal agus Dill, Baile Átha Cliath; 1978