Áine Uí Fhoghlú

Is múinteoir meánscoile í Áine Uí Fhoghlú ó Ghaeltacht na nDéise. Is file í chomh maith a bhfuil dhá leabhar filíochta foilsithe aici, mar a bhfuil Aistear Aonair 1999 agus An Liú sa Chuan 2007. Bhain sí amach céim MPhil sa Teangeolaíocht sa bhliain 2004 don tráchtas aici ar ghramadach Ghaeilge na nDéise. Is fada Áine ag taifeadadh amhrán & seanchais ina ceantar féin agus i dtosach na nóchadaí seo caite thaifead sí cnuasach ábhair ó sheanchaithe agus amhránaithe sa Rinn agus sa Seana-Phobal ar fhístéip. Bhuaigh sí Gradam Filíochta Mhichíl Uí Airtnéide don bhliain 2008 dá saothar An Liú sa Chuan, foilsithe ag an gcomhlucht Coiscéim. Feic www.coisceim.ie

Áine Uí Fhoghlú

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design