Muiris Ó Criostóir

Rugadh Muiris Ó Criostóir sa Rinn ua gCuanach agus is ann a chuaigh sé ar scoil, áit a raibh a mháthair Siubhán de Léis ina múinteoir scoile. Bhí stór mór amhrán ag Siubhán agus thug Muiris leis cuid mhaith acu. Is ailtire é Muiris agus chaith a bhean chéile, Máiréad, roinnt mhaith blianta ina múinteoir scoile i Meánscoil San Nioclás, sa Rinn. Tá cónaí inniu orthu i nGort na Daibhche agus tá mac amháin (Ros), beirt iníonacha (Caitríona agus Siubhan) agus garmhac amháin (Conall) acu. Is féidir toradh saothar Mhuiris a fheiscint ach dul go dtí www.architectmoc.com

Muiris Ó Criostóir

Amhráin

Na Connerys

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design