Seamus Ó Cobhthaigh

Saolaíodh Seamus Ó Cofú i mí na Féile Bríde, 1920. Thógadh é i Ré na dTeampán, Sliabh gCua mar a chuala sé mórchuid amhrán ag fás aníos do. Bhí ana-cháil ar a athair, Donnchadh, mar amhránaí agus ba mhinic lucht bailithe ceoil agus amhrán ar chuairt sa tigh acu. Deir Seamus gur óna athair agus ón bhfile clúiteach Pádraig Ó Milléadha (feic m.sh Na Tinncéirí sa chnuasach seo) a fhoghlaim sé mórcuid dá stór féin amhrán. Tá Seamus ag maireachtaint sa Sean Phobal le fada an lá anois agus amhránaí den chéad scoth isea é.

Seamus Ó Cobhthaigh

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design