Tadhg Cundún

Rugadh Tadhg Cundún sa bhliain 1910 agus bhí cónaí air sa Maoilinn, i mBarra na Stuac sa Sean Phobal. Ard scéalaí, amhránaí agus seanchaí ba ea é. Tá scéal dá chuid, Scéal na Muice i bhfíor thosach an chéad eagráin d’irisleabhar Ghaeltacht na nDéise, An Linn Bhuí. Tá amhrán amháin uaidh sa chnuasach seo, Fiach na Claise Muaire (feic eagrán a 10 de An Linn Bhuí, lch. 7). Fuair sé bás Deireadh Fómhair na bliana 1999.

Tadhg Cundún

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design