Déuglán de Paor

Rugadh Déuglán de Paor i mBarr na Stuac sa Sean Phobal sa bhliain 1912, duine d’ochtar clainne a bhí ar Thadhg de Paor agus Máire Ní Crotaigh. Chaith sé cúig bliana déag i seanShasana sarar chuaigh sé go Philadelphia sna 1940í mar a bhfuil cónaí fós air. Aireofar anseo gur amhránaí ana-bhinn é ach is ceoltóir ana-chumasach leis é. Séineann sé an t-orgán béil agus an fheadóg stáin agus imríonn sé an bosca ceoil chomh maith. Filleann sé ar Éirinn fé dhó sa bhliai

Déuglán de Paor

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design