Domhnall Ó Cionnfhaolaidh

Mac le Michéal Ó Cionnfhaolaidh (an t-údar cáiliúil a bhreac scéal a bheatha ó bhéalaithris Mhichíl Turraoin nó Maidhc Dháith agus ar chuireadh i gcló fén teideal Beatha Mhichíl Turraoin é sa bhliain 1956) ba ea Domhnall Ó Cionnfhaolaidh. Chaith Domhnall formhór a shaoil ina mhúinteoir ag Coiste Ghairmoideachais Chontae Phort Láirge. Bhí aithne go fórleathan air mar amhránaí, aisteoir agus léiritheoir drámaí. Tá mórchuid alt foilsithe aige sa Linn Bhuí ó chéad chuireadh i gcló é sa bhliain 1997. D’éag sé sa bhliain 2006.

Domhnall Ó Cionnfhaolaidh

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design