Nioclás Tóibín

Rugadh Nioclás Tóibín sa bhliain 1928 i mBaile Uí Raghallaigh, Heilbhic i nGaeltacht na nDéise, an mac ab óige d’ochtar clainne a raibh ceol ag an uile dhuine acu. Bhí ana-thionchar ag a uncail Nioclás Mór, údar Duanaire Déiseach (1978) ar an amhránaí óg agus is mó amhrán a fuair sé uaidh. Bhain sé Corn Chomhlacht an Oideachais (Corn Uí Riada mar a thugadh ar ball air) trí huaire as a chéile i 1961, ’62 agus ’63, rud nár deineadh riamh roimhe san ná ó shoin. Tá dhá eisiúchán dá chuid amhránaíochta le ceannach anois ar dhlúthdhiosca, mar a bhfuil Nioclás Tóibín, Gael Linn, 2007 agus Rinn na nGael, Cló Iar-Chonnachta, 1999 agus táimid thar a bheith buíoch den dá chomhlacht sin as rianta ós na saothair sin a chur ar fáilt dúinn agus an suíomh seo á chóiriú. Chraoladh clár teilifíse ag an gcomhlacht teilifíse Nemeton teo. sa bhliain 2006, dar teideal Orpheus na nDéise, a thug ana-léargas dúinn ar laoch mór so na hamhránaíochta.

Nioclás Tóibín

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design