Seamus Ó Cionnfhaolaidh

Mac le Michéal Ó Cionnfhaolaidh (an t-údar cáiliúil a bhreac scéal a bheatha ó bhéalaithris Mhichíl Turraoin (Maidhc Dháith) i ndaichidí an chéid seo caite agus ar chuireadh i gcló fén teideal Beatha Mhichíl Turraoin é sa bhliain 1956) isea Seamus. Ar Bharra na Faille i gCnocán an Phaoraigh Íochtarach a rugadh agus a thógadh é. Chaith sé tréimhse cúig bliana déag ag múineadh ranganna Gaeilge i Londain fé choimirce Chomhairle na cathrach san. Tá mórchuid alt foilsithe aige sa Linn Bhuí ó chéad chuireadh i gcló é sa bhliain 1997. Tá duaiseanna bainte san Oireachtas aige, i gcomórtaisí amhránaíochta agus scéalaíochta. Ealaíontóir is ea é, leis, agus tá cónaí inniu air i mBaile na nGall agus i Londain.

Seamus Ó Cionnfhaolaidh

Sean Nós Beo

Gheobhaidh tú eolas anseo maidir le mórchuid amhrán a bhaineann leis na Déise agus le traidisiún amhránaíochta Ghaeltacht na nDéise. Aireofar agus chífear, anseo, roinnt taifeadtaí a deineadh sa cheantar i gcaitheamh na mblianta, rud a chuirfidh ar chumas an chuairteora amhrán nó amhráin de chuid na dúiche seo a fhoghlaim. Tá leaganacha éagsúla de na hamhráin curtha ar fáil, maille le fuaimrianta agus físeáin. Cuirfear leis an gcnuasach ó am go chéile agus táthar ag súil le go bhfillfidh an cuairteoir arís agus arís eile le bheith ag tarraingt ón tobar ceolmhar seo.

Suíomh ag: Déise Design